1916Onehundred
  • Home
  • About
  • WINDOWS
  • TEXT
  • CONTACT

The grip that binds us

Glas-snaidhm Orainn

The Grip That Binds Us

 As human beings we are constantly trying to deal and come to terms with internalised trauma.  Being unable or unwilling to resolve certain issues, we cling even tighter to them and, though we yearn for peace and rest and progress, we can’t seem to let go of that which threatens to destroy us.
 
What is it like to walk away from conflict, to put your weapons beyond use?  To dwell upon all the years committed to the never ending cycle of fright, fight, flight.  Resentment, hatred, fury and denial all form part of the energy field that has dominated us human beings for thousands of years.
Along with the hardware, these emotions need to be deactivated if the grip that has bound us for generations to armed conflict is to be loosened finally and permanently. 
 
Letting go is always a process of loss, a process of grieving. The dawning realisation that you cannot retake what you’ve reconciled to let go of.  And the final, slow acceptance that it is no longer of service to you anyway.
The grip that binds us is a reflective process which offers participants a chance to engage with the emotional dynamics  that underlie letting go and the emergence of something new.
 
 
© Gerard Mannix Flynn 

Glas-snaidhm orainn

Bímid, mar dhaoine daonna, de shíor ar gor ar chréachtaí inmheánaithe, agus ag iarraidh bheith réidh leo. Toisc nach féidir linn, nó nach toil linn, fadhbanna áirithe a réiteach, is daingne fós ár ngreim orthu; cé go mbímid ag tnúth le síocháin, le suaimhneas agus le dul chun cinn, ní bhíonn ar ár gcumas, de réir dealraimh, scaradh leis an rud seo a bhíonn á bhagairt sinn a scrios.

Conas a mhothaíonn sé cúl a thabhairt le coimhlint, d’airm a chur ó mhaith?
Bheith ag cuimhneamh gan stad ar na blianta gan áireamh gafa ag sceon agus comhrac, tóir agus teitheamh, teitheamh agus tóir.
Tá fuath agus fíoch, fearg agus faltanas i réim i ngarraí treafa polaitíochta Éireann leis na cianta cairbreacha.

Ní hiad na hairm chogaidh amháin atá le cur ó mhaith agus le scrios ach freisin na mothúcháin úd go léir a nasc sinn, glúin ar ghlúin, le cogaíocht an ghunna – táid le scaoileadh go deo faoi dheireadh thiar thall.
        
Is geall le cailliúint, le caoineadh, i gcónaí rud a scaoileadh uait. Tuigeann tú de réir a chéile nach féidir leat greim a fháil go deo arís ar an rud ar ar réitigh tú scaradh leis. Glacann tú leis de réir a chéile nach aon tairbhe duit é cibé scéal é.

An glas-snaidhm a cheanglaíonn sinn, is próiséas meabhrach é a thugann caoi dóibh siúd a bhíonn páirteach ann dul i ngleic leis na fórsaí mothaithe is bonn don scaoileadh ar shiúl agus do shaolú na nua-bhreithe.



​                                                                                       © Gerard Mannix Flynn 
                                                                                  Aistriúcháin - Fr. Pádraig Ó Fiannachta 

Picture
Proudly powered by Weebly
  • Home
  • About
  • WINDOWS
  • TEXT
  • CONTACT